World Wide Web Consortium
Is é Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (nó W3C - World Wide Web Consortium as Béarla) an príomh-eagraíocht caighdeán idirnáisiúnta don Ghréasán Domhanda. Bhunaigh Tim Berners-Lee an eagraíocht sa bhliain 1994 ag an Massachusetts Institute of Technology le haghaidh caighdeáin a chruthú don gréasán.
![](https://cdn.statically.io/img/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e4/World_Wide_Web_Foundation_Logo.png/220px-World_Wide_Web_Foundation_Logo.png)
![](https://cdn.statically.io/img/upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4d/Tim_Berners-Lee_CP_2_head_crop.jpg/220px-Tim_Berners-Lee_CP_2_head_crop.jpg)
Eagraítear é mar fheadhnacht agus íocann na baill as foireann lánaimseartha a bhíonn ag comhoibriú ann ag forbairt caighdeán don Gréasán Domhanda. I mí na Nollag 2006 bhí 429 ball ag an W3C agus bhí sé oscailte d'eagraíochtaí eile.
Bhí Tim Berners-Lee, "athair" an Ghréasáin Dhomhanda agus príomhúdar na sonraíochtaí URL, HTTP agus HTML, i gceannas ar an bhfeadhnacht go dtí 2008.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Caighdeáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Caighdeáin W3C/IETF (thar sraith Prótacal Idirlín):
|